Ó Méith - Gramadach agus Fuaimeanna


An Ghramadach
An dá rud is mó
Cha & Feil
Cha
Is é an rud is bunúsaí agus is tábhachtaí le tuigbheáil faoin chanúint seo ná gurb chanúint ‘cha’ í.

Is é sin le rá gur bhain sé feidhm as an mhír dhiúltach ‘cha’ seachas ‘ní’
Mar shampla, dúradh ‘cha rabh mé’ in áit ‘ní raibh mé’ mar a theagasctar de ghnáth inniu.
Amharcaimis ar an léarscáil seo, feicimis muid an Ghaeilge roinnte ina dá leath, teanga ‘cha’ os cionn an líne, teanga ‘ní’ thíos faoi.
Chan ionann sé sin le rá nach raibh ‘cha’ le cloisteáil faoi líne, bhí agus tá – i gcásanna áirithe chun béim ar leith a léiriú,
Chomh maith leis sin, thiocfadh dó gur úsáideadh ‘cha’ níos forleathana i Laighinibh ná mar is léir ón léarscáil – ach tá easpa fianaise ann.
Char bhaineadh úsáid as ‘cha’ riamh sa litríocht agus measadh gur ‘vulgarism’ a bhí ann, smál nár chaill sé go hiomlán riamh.
Glactar go forleathan go bhfuil cosc ar ‘cha’ i gcaighdeán oifigiúil na hÉireann ach cha fíor sin.
Urban myth’ atá ann, tá sé le fáil san Fhoclóir Caighdeánta fiú,
Is é an rud atá ann ná gurbh fhearr le múinteoir agus bord scrúdaithe gan díriú air – sin a bhfuil ann.
Tá droch-bharúil ag foghlaimeoir na Gaeilge air inniu – fiú in Oirthear Uladh.
Ní oibríonn ‘cha’ díreach mar ‘ní’ áfach – tá sé rud beag níos casta.

Feil

Is é an dara gné is suntasaí de Ghramadach Ghaeilge Oirialla ná ‘feil’ seachas ‘fuil’ na Gaeilge chaighdeánaí.


Beidh cuimhne ag an chuid is mó de na daoine a rinne staidéar ar bith ar an teanga ar an foclaí – ‘níl’ agus ‘an bhfuil’.
Déantar ‘níl’ as na heilimintí, Níl', 'ní fhuil'.
Chonaic muid cheana go nglacann ‘cha’ ait ‘ní’ in Oirialla – tá sé rud beag níos casta na sin.
In Oirialla, baintear úsáid as Chan fheil (giorraithe go ' 'n'eil ) agus 'a' bhfeil' in áit níl agus an bhfuil
Is féidir úsáid feil a fheiceáil ar an léarscáil
Fuaimnítear 'Chan fheil' /han nʲel/ nó /han nʲil/.
Is é an rud is tábhachtaí le tuigbheáil ná go raibh an ‘n’ sin caol, mar atá an ‘n’ in ‘nIúraidh’.
Uime sin, is é an difear idir 'Bhfeil' agus 'bhfuil' ná go bhfuil an 'bh' caol,
Fuaim ‘v’ atá leis – ní ‘w’.
Mar sin, fuaimnítear 'Bhfeil' mar /vʲel/ nó /vʲil/ nó /vʲol/ fiú.
Ba cheart tuigbheáil go n-úsáidtear ‘fuil’ i gContae na Mí agus san Spéiríní.
Caithfear a rá, taobh amuigh de chorrfhocal in amhráin, chan úsáidtear ‘feil’ in Éirinn inniu.
Ach ní mheastar gur droch-rud é ar nós an dearcadh atá ag daoine ar ‘cha’


Fuaimeanna
  • Cailltear ‘ch’ /x/ idir ghúta AGUS ag deireadh focail.
Tarlaíonn seo ar fud Oirthear Uladh.
Sampla – teach, amach, etc.
  • Cailltear ‘th’ /h/ idir ghúta.
Sampla – athair, máthair
  • Cailltear ‘ng’ idir ghutaí
Sampla – ceangal, daingean
  • Coinneáil an ‘ao’ – high back vowel
Gaeilge na hAlbain, Mooney, saol, Moolieve/
Foclóir

  • Toigh
  • Móirí
  • Cha leigeann tú a leas
  • Báda
  • Gearrán
  • Mart
  • Tonnóg
  • muinn

No comments:

Post a Comment

Main areas from which the collection draws material


View Gaeltacht Oirialla in a larger map