Tuesday, December 3, 2013

Réamhamharc - teilgean, tligeadh, tligint

teilgean : tligeadh  vn. ag ~ vomiting (An Creagán) AÓM1.
teilgean : tligint vn. ag ~ fola bleeding (Ó Méith) LÓM1, (Ard Macha) PMCM.

Wednesday, November 13, 2013

Réamhamharc - téigh

téigh v. 1. téigh abhaile go home (Ó Méith) LÓM2. 2. (a.) cha dteimse abhaile I will not go home (Domhnach Maighean) TÓC6. (b.) cha dtéid a chuid comhsanaigh leis his neighbours will not go with him (Ó Méith) SÓC1. (c.) théid sé amach san fharraige folcarnaigh falcarnaigh he went out into the rough sea [i.e. present tense used in story telling for past tense] (Domhnach Maighean) TÓC4. (c.) nuair a théid tú when you [will] go (Ó Méith) ENA8. 3. + le; cha dtéid sé leat you will not succeed (Domhnach Maighean) TÓC6. 4. a’ dteachaigh tú did you go (Ó Méith) AUA4. 4. (a.) fua' (<chuaigh) mé ar fascadh I went under shelter (Ó Méith) AUA4. (b.) ar an tseachtain fuai’ thart last week (Ó Méith) AUA4. 5. Rachaid (<rachad) I will go (Machaire Chluana) MND. 6. rach'muinn we will go (Ó Méith) PME1. 7. cha rachfadh sé ar meisce he would not get drunk (Ó Méith) AUA4. 8. + isteach; to realise, find out. Nuair a chuaigh an scéal isteach ’uig (<chuig) an scolóig when the farmer realised / found out (Domhnach Maighean) TÓC3. 9. to begin. (a.) fuaidh sé a gháiridh mhogaidh orm he began to laugh at me mockingly (Domhnach Maighean) PÓD. (b.) chuaigh se a dheanamh teórainnteach díreach he started to set out exact boundaries (Domhnach Maighean) TÓC8.

Thursday, December 20, 2012

Réamhamharc - Glan

glan v. (a.) + le; ~ leat le do ghnaithe ‘go away on about your business’
(lit. go away with your business) ENA8. (b.) ~ leat as m’amharc get
out of my sight
(Ó Méith) ENA1.

Réamharc - Saoil

síl : saoil v. think. (a.) is beag a shaoileanns Nansaí Mhór gá hé tá ag
caitheamh a píopa Nancy does not care who is smoking her pipe (Ó
Méith) POA1. (b.) goidé a shaoileas tú dó? what do you think of it? (Ó
Méith) AUA4.

Wednesday, October 10, 2012

Scéal as Ó Méith, VI


Is leagan atheagraithe é seo de scéal sí a foilsíodh den chéad uair ar an tUltach i 1924 (An tUltach 1.6, lch 7).

Ba é ‘Sean-Mhicheal’ Mhac Ardail, Dromlach Ó Méith a d’ársaigh an scéal agus breacadh síos é ag an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh (Muireadhach Meith).

Díreach mar a rinneadh leis na scéalta go léir sa tsraith beag seo, tá an scéal athscríofa sa litriú nua de réir mar is féidir ach scríofa i litriú na canúna nó sa litriú clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna Ghaeilge Ó Méith. Tá nótaí gairide scríofa ar fhoclóir an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar FGB (Ó DÓNAILL) ach ní dhéanfar athphlé ar na focail nó ar na gnéithe eile a phléadh cheánna ar an tUltach sa tsraith seo.

An Bheirt Dhréar

Bhí beirt dhréar [1] ann, a’n uair amháin bhí dhréar aca bocht agus dréar aca saibhir. An fear a bhí bocht, bhí lán toighe de pháistí aige, ach cha rabh a’n pháiste ar bith ag an dréar a bhí saibhir. An dréar a bhí bocht, bhí sé i gcónaí ag gearán agus i gcónaí ag grumblán [2] leis an dréar a bhí saibhir. B’fhéadfaí go rabh ábhar aige, ach cha rabh an dréar saibhir ag tabhairt airde air nó ag éisteacht leis. Cha rabh ’fhios ag an dréar bocht goidé mar thógfadh sé na páistí nó goidé a dhéanfadh sé leofa.

An Fear Déirce

Oíche amháin, tháinig fear déirce chuige an doras, agus fuair sé lóistín go lá [3].

‘Tá ocras ar na páistí bochta,’ arsa ’n fear déirce leis an dréar bocht.

‘Chan fheil neart agam air,’ arsa ’n dréar bocht, ‘chan fheil greim bídh astoigh.’

‘Tabhair leat an málA sin, aguc cuideochaidh [4] miseleat,’ arsa ’n fear déirce.

Chuir an dréar bocht a mhála trasna a ghualann agus fuaidh an bheirt amach ar an iúl. Shiúil siad píosa maith agus píosa fada ach chan fhuair si`d a’n dadadh a chuirfeadh siad isteach sa mhála.

‘Gá leis an pháirc ’na bhfeil na caoirigh?’ arsa ’n fear déirce.

‘Is le mo dhréar í,’ arsa ’n dréar bocht.

‘Gheobhaidh mé greim ar chionn de na caoirigh agus muirfidh [5] mé í. B’fhearr go mbeadh rud éintean [6] abhaile linn.’

Ghabh siad caora maith reamhar [7] agus bhain siad an croiceann [8] di. Bhruith siad leis chaoireola [9] agus thug siad pota maith feola dos [10] na páistí. Bhí meán-lae [11] deas aca an oíche úd!

Maidin lá arna mhárach, tháinic an dréar saibhir anall chuige toigh an dréir bhoicht.

‘Cailleadh caora de mo chuid, oíche aréir,’ arsa seisean.

‘Goidé bhain di?’

‘Chan fheil ’fhios agam, ach tá siad cionn gearr [12].’

‘Rachaidh mise leat dá cuartú.’

Shiúil siad píosa maith agus píosa fada, agus bhí an dréar a bhí bocht i gcónaí ag gearán agus i gcónaí ag grumblán leis an dréar a bhí saibhir. B’fhéadfaí go rabh ábhar aige, ach cha rabh an dréar saibhir ag tabhairt airde air. Nuair a tháinic an coinfheascar [13] aríst:

‘Tá sé chomh maith againn dul ’na bhaile’ arsa ’n dréar bocht.

Bhruith an fear bocht leis chaoireola eile an oíche úd, agus bhí meán-lae maith sna páistí aríst.

Bás a Mháthara

Bhí a mháthair ina cónaí sa toigh céanna, ag tabhairt aire dos na páistí, agus bhí sise i gcónaí ag caint agus i gcónaí ag grumblán. B’fhéadfaí go rabh ábhar aici ach fuair sé greim uirthi thlig sé amach ar an doras í. Cha leigfeadh an dréar saibhir isteach í ach an oir’d [14].

‘Trua an chléibh,’ arsa sise, ‘nach rabh triúr mac agam. Dá mbeadh, b’fhéadfaí go dtabharfadh duine aca isteach mé.’

Bhí an fear bocht ag éisteacht léithe, agus fuaidh sé amach agus thug sé isteach í. D’éag sí an oíche úd agus h-iolcadh [15] ’rith na seachtaine í. An dréar a bhí bocht agus an dréar a bhí saibhir, rinn siad an t-iarratas [16]. Shiúil siad p­oca maith agus píosa fada i ndéidh  an torraidh [17].An dréab a bhí bochp, bhí sé i gcónaí agcaint agus i gcónaí ag gearán leiq an dréar a bhí sai"hir, ach cha rabh an dréar saibhir ag tabhairt airde air nó ag éiisteacht leis.

An oíche céanna, tháinic an fear déirce agus thóg sé an corp aríst, agus d’fhág sé ’na sheasamh aige [18] doras an dréir a bhí saibhir é. ChuiR sé dhá bhata faoin tseanmhnaoi. Cuireadh scéal isteach chuige an dréar  saibhir go rabh a mháthair ag an doras. Léim sé amach ar `n fhuinneoig `gus tháinic Anuas an áití a rabh an dréar bocht.

‘Tháinic mo mháthair ar ais aríst.’
‘An dtáinic?’ arsa ’n dréar bocht.’
‘Tháinic, agus chan fheil ’fhios agam goidé ’dheanFar mé.’
‘Árso’ ’ [19] mé sin duit. Cuir an treas chuid de do chuid saibhreas faoina chonn [20] sa cónra [21], agus an treas chuid eile faoina cosaibh.’

An dréar a bhí saibhir, fuaidh cé ’na bhaile agus chuir sé dhá mhála óir isteach sa cónra. D'imigh an fear déirce agus d’fhoscail sé an cónra agus thug sé an dá mhála abhaile leis.

Bhí saol maith agus saol fada ag an dréar bocht ’na dhéidh sin. D’éirigh na páistí suas agus fuaidh siad ag obair agus a thuilleadh dófa fhéin. Bhí airgead agus ór agus gach uile rud ar an tsaol a bhí uafa [22] aca; agus an dréar a bhí bocht, bhí sé i bhfad nas saibhre ná an dréar eile sarar [23] éag sé.

Nótaí

[1] dréar (<deapbhráthair) : dearthair
[2] grumblán = ‘fruebling’
[3] i. ‘fuair sé loistín lae.’
[4] cuideochaidh : cuideoidh
[5] muirfidh : maróidh
[6] éintean : éigin
[7] reamhar : ramhar    
[8] croiceann : craiceann
[9] leis chaoireola, ‘!Leg of mutton’ LÓM).
[10 doc : do, ba nós coitianta é ‘s’ a chuir leis an réamhfhocal ‘do’ roimh ‘na’  i nGaeilge Ó Méith, díreach mar a dhéantar i nGaeilge Chorca Dhuibhne inniu.
[11] meán-lae = ‘lón’, ach is léir gur béile atá i gceist sa cás seo.
[12] tá siad cionn gearr = tá cionn amháin in éagmais, Béarlachas atá i gceist, aistriúchán ar ‘they `re one short’.
[13] Is ionann coinfheascar agus tráthnóna agus cé go raibh an dís acu le fáil i nGaeilge Ó Méith, bhí coinfheascar níos choitianta.
[14] oir’d : oiread
[15] h-iolcadh : adhlacadh
[16] rinn siad an t-iarratas, ‘they collected the offerings’ (LÓM).
[17] torraidh : torraimh
[18] aige : ag
[19] árso’ : ársóidh
[20] cionn : ceann
[21] Bhí ‘cófra’ le fáil sa bunleagan ach is é mo thuairim gurbh bhotún é mar gheall ar an dóigh a dúradh cónra in Ó Méith, shílfeá gur cheart go scríobhfaí é mar ‘có’raí’ nó mar sin.
[22] uafa : uathu
[23] sarar : sular



Leabharliosta

DINEEN, Rev P. S., Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Irish Texts Society, Dublin, Cork 1904, new ed. 1927, repr. 1970)

McKENNA, M., The Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced studies, Dublin 2001)

[MUIREADHACH MÉITH] ‘Fear an Airgead-Thoite agus an Diabhal’, An tUltach 4.7 (1927) p. 6.

Ó BAOILL, C., Contributions to a comparative study of Ulster Irish and Scottish Gaelic (Studies in Irish Language and Literature IV, Department of Celtic, Queen’s University, Belfast 1978)

Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977)

Ó DUIBHÍN, C., CAINNTEOIRÍ DÚTHCHAIS AGUS FOINSÍ BÉALOIDIS GAEDHILGE AS OIRTHEAR ULADH, (2006).

WAGNER, H. & Ó BAOILL, C. , Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects IV (Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin 1969) pp. 4-13.

Scéal as Ó Méith, V




Is leagan atheagraithe é seo de scéal a foilsíodh den chéad uair ar an tUltach i 1924 (An tUltach 1.11, lch. 7).

Ba í Áine Ní Lorcáin Lios Liath, Ó Méith, Co. Lú, a fuair bás thart ar 1922 i dToigh na mBocht, Dún Dealgáin (Ó Duibhín) a d’ársaigh an scéal. Scríobhadh síos é ag an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh, nó Muireadhach Méith mar a thugadh sé air féin.

Díreach mar a rinneadh leis na scéalta go léir sa tsraith bheag seo, tá sé athscríofa sa litriú nua de réir mar is féidir ach scríofa i litriú na canúna nó sa litriú clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna Ghaeilge Ó Méith mar atá mínithe sa leabhar The Spiritual Rose le Malachy McKenna (McKENNA, 2001,  lch. xxviii – xlviii). Tá nótaí gairide scríofa ar fhoclóir an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar FGB (Ó DÓNAILL) de réir na n-uimhreach a thugtar dóibh fríd an scéil.

Ní dhéanfar athphlé áfach ar na focail nó ar na gnéithe eile a pléadh cheánna ar an tUltach (11 & 12, 2006 agus 3 & 7, 2007).

An Luchóg agus an Dreoilín
(Scéal ar Lá ’le Stiofáin)

Luchóg agus dreoilín a bhí pósta, uair amháin, agus bhí dóigh-teach-dtír [1] mhaith aca agus bhí siad ag tógáil a gclainne go modhamhail [2] agus bhí cuma na modhamhalachta orthu [3] fosta.

Lá amháin, cha rabh a’n ghreim bídh sa toigh, agus fuaidh [4] an luchóg amach chun biadh [5] ’fháil don chloinn. Bhí fear ag bualadh coirce ins an scioból, agus fuaidh an luchóg siar faoin tsúiste agus baineadh an ruball di. Theantaigh [6] sí ’na bhaile, agus nuair a thug an dreoilín fá dear gur chaill sí a ruball, tháinic corraí [7] mhór air.

‘Gá rabh tú ar feadh an lae seo?’ arsa eisean leis an luchóig, ‘ag dul thart ag rácanaí? [8]’

Thosaigh an bheirt ag troid agus throid siad ar feadh na hoíche úd, agus maidin lá arna mhárach fuaidh siad amach ’na páirce agus thosaigh siad ag troid aríst. Tháinic na héanlaithe beaga agus na héanlaithe móra ag iarraidh socrú a dheanamh eatarthu, ach chlis orthu [9] agus thosaigh na héanlaithe ag troid eatarthu fhéin. Charbh fhada go rabh an pháirc uilig lán d’éanlaithe.

Cé tháinic amach ag amharc orthu ach Mac Rí na hÉireann, agus nuair a thug sé fá dear go rabh an tIolar mór as Sasain ins an pháirc, fuair sé gréapa [10] agus chuir sé isteach i ndroim an Iolair é. D’éirigh an tIolar ins an aer, agus Mac Rí na hÉireann ar a dhroim, agus an gréapa sáite eatarthu; char stad an tIolar gur thuirling sé anuas i bpáirc mhóir faoi thoigh Rí Shasana.

‘Gá hé thusa?’ arsa Rí Shasana le Mac Rí na hÉireann.

‘Mise Mac Rí na hÉireann.’

‘ ’Sé d’athair an rógaire is mó a rabh in Éirinn ariamh [11],’ arsa Rí Shasana, agus thlig [12] sé Mac Rí na hÉireann isteach ’na phríosúin.

Chuir Rí na hÉireann litir anonn chuige [13] Rí Shasana ag ársaí dó a mhac a leigint [14] amach. Dúirt Rí Shasana nach ndeanfadh sé a leithéid. D’éirigh cogadh eatarthu – an cogadh ’a [15] mhó dá rabh in Éirinn nó i Sasain ariamh. Agus nuair a bhí an cogadh thart, cuireadh an dlí ar an luchóig agus ar an dreoilín. Daoradh iad, agus tugadh breithiúnas go gcuirfí pinní [16] i súilibh na luchóige agus go dtarraingeofaí an dreoilín fríd mearagan [17] gán Lá ’le Stiofáin.

Nótaí

[1] i. ‘dóigh mhaireachtála’
[2] Fágadh an litriú mar ‘modhamhail’ de bhrí gur cosúil go ndúradh an fhocal seo mar ‘modhail’ in Ó Méith seachas mar ‘modhúil’ an chaighdeáin.
[3] i. ‘bhí an chuma orthu go raibh siad modhúil’.
[4] i. fuaidh : chuaigh
[5] D’fhuaimnítí an ‘dh’ ag deireadh an fhocail biadh in Ó Méith. Iarsma den fhuaimniú mar a bhíodh sa Nua-Ghaeilge Mhoch atá ann. Maireann an fuaimniú seo san Albain go dtí an lá atá inniu ann.  [Féach McKENNA, Lch. xl]
[6] i. theantaigh : thiontaigh’. Ba mhinic a fuaimníodh an bhraisle ghuta ‘io’ mar a bheadh ‘ea’ nó ‘a’ ann in Ó Méith. [Féach McKENNA, Lch. xxx]
[7] Ba ‘fearg’ an chiall le ‘corraí’ in Ó Méith agus ar fud fad Oirthear Uladh.
[8] rácanaí = ‘rampaging’.
[9] Is ionann ‘chlis orthu’ agus ‘theip orthu’. B’iondúil ‘clis + ar’ in Ó Méith chun teip a chur in iúl. 
[10] gréapa = ‘a grape’
[11] ariamh : riamh
[12] tlig : teilg
[13] chuige : chuig
[14] leigint : ligin
[15] ’a : ba
[16] pinní = bioráin
[17] mearagan : méaracán  (?)

DINEEN, Rev P. S., Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Irish Texts Society, Dublin, Cork 1904, new ed. 1927, repr. 1970)

McKENNA, M., The Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced studies, Dublin 2001)

Ó DUIBHÍN, C., CAINNTEOIRÍ DÚTHCHAIS AGUS FOINSÍ BÉALOIDIS GAEDHILGE AS OIRTHEAR ULADH, (2006),

Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977)

 http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/ainmneacha_ultacha.htm


(LASID) - WAGNER, H. & Ó BAOILL, C. , Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects IV (Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin 1969)


Scéal as Ó Méith IV


[Foilsíodh seo cheana ar an tUltach]

Is leagan atheagraithe é seo de scéal sí a foilsíodh den chéad uair ar an tUltach i 1931 (An tUltach 8:9). Breacadh síos é ag an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh. Scríobh sé gur chuala sé é ag an tseanchaí, Bríghid Ní Cassalaigh, arbh as Droim Mullaigh, Ó Méith í (Feach : An tUltach  (3, 2007).

Tá an scéal athscríofa sa litriú nua de réir mar is féidir ach scríofa i litriú na canúna nó sa litriú clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna Ghaeilge Ó Méith mar atá mínithe sa leabhar The Spiritual Rose le Malachy McKenna (McKENNA, 2001,  lch. xxviii – xlviii). Tá nótaí gairide scríofa ar fhoclóir an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar FGB (Ó DÓNAILL) de réir na n-uimhreach a thugtar dóibh fríd an scéil. Ní dhéanfar athphlé áfach ar na focail nó ar na gnéithe eile a phléadh cheánna ar an tUltach (11 & 12, 2006 & 3, 2007).

                            Aodhaidh [1] Mhac Eachmharcaigh [2] agus an Torramh

Ba ghnáth le mo ghaid mhór, sin Aodhaidh Mhac Eachmharcaigh as an Tulaigh [3], a bheith ag cáidearacht [4] thart fríd Chontae an Dúin. Lá amháin, d’imigh sé ar shiúil go Droichead na Banna le lóda [5] bradáin, ’na [6] ndíol sa mhargadh. Dhíol sé amach an lóda uilig; agus theacht cromadh dubh na hoíche [7] fuair sé suipéar, agus fuaidh [<chuaigh] sé amach ar an bhóthar ag déanamh ar an bhaile aríst.

Oíche shamhna a bhí ann, oíche dheas gealaigh [8], leithbhric [9] na hoíche seo, agus leathbhealach eadar Droichead na Banna agus Iúr Cinn Trá, tuairim is dhá bhuille dhéag san oíche, tháinic sé chuige torramh.    

‘Is fhearr domh an gearrán a tharraingt isteach ar thaobh an bhóthair, agus an torramh a leigint [10] thart,’ arsa seisean leis fhéin. Rinne sé sin. Tháinic an torramh ’fhad leis, agus bhí córthaidh [11] mór ar ghuailnibh [12] na bhfear. Leig [13] siad síos an córthaidh i lár an bhealaigh, i bhfogas don áitidh a rabh Aodhaidh ’na suí astoigh sa chart.

               ‘Gá [14]hé thógfas an ofráil?’ arsa fear acu.
               ‘Gá hé thógfadh í ach Aodhaidh?’ arsa fear eile.

Ba ghnáth na hataí móra arda a chaitheamh [15] san am. Bhí hata mór ar Aodhaidh, agus chuaigh fear acu siar agus bhain sé an hata dá chionn. Chuir sé ar bharr an chórthaidh é, agus thóg sé ofráil nó go rabh an hata líonta de ór agus de leath-chonóirí de gach uile shórt airgid.

               ‘Gá hé gheobhas an ofráil?’ arsa fear acu.
               ‘Gá hé gheobhadh í ach Aodhaidh?’ arsa ’n fear eile.

D’fhág siad an hata astoigh san chart, thóg siad an córthaidh ar a nguailne [16] aríst agus ar shiúil leo.

‘Beidh mé saibhir anois le linn mo shaoil,’ arsa Aodhaidh. ‘Cha bhíonn feidhm aige mo bhean a lámha a fhliuchadh as seo amach.’

Nuair a tháinic an lá, d’amharc sé isteach sa hata, ach cha rabh a’ dadadh [17] ann ach aoileach gearráin. An duine bocht, char smaoitigh [18] ar seile a chur isteach san hata sarar [19] amharc sé ann. Bean a rabh ciall aici a d’ársaigh sin dó i ndéidh theacht ’na bhaile dó. Dá ndéanfadh sé sin bheadh an t-airgead aige. Ach ab é go dtearn sé dearmad dó sin, b’fhéadfaí [20] go mbeadh caisleán ard agam fhéin chois trá inniu in ionad ’bheith ag sclábhaíocht i bhfus [21] anseo ar bharr Dhromlaigh [22].
[1] Is leagan den ainm pearsanta Aodh é Aodhaidh [cf. Ó DUIBHÍN].
[2] Is é McCafferky an leagan ghalldaithe den sloinne seo, each ‘horse’ + marcach ‘rider’ is bunús leis. Bhíodh ‘mac’ i gcónaí séimhithe mar ‘mhac’ i sloinntí Oirialla.
[3]  Is baile fearainn é An Tulach, Is é Tulach Ó Méith an t-ainm oifigiúil air, nó Tullaghomeath i mBéarla, (An tOrdú Logainmneacha (Contae Lú) 2003).
[4] ‘páibhidheacht’ nó ‘mangaireacht’ (MM), ‘cadging’ i. a bheith ag taisteál thart ag díol earraí.
[5] ‘load’
[6]  i. lena ndíol ...
[7] cromadh dubh na hoíche = ‘nightfall’
[8] oíche dheas gealaigh = ‘a nice moonlit night’
[9] leithbhric : leathbhreac, leithbhric na hoíche seo = ‘just like tonight’ [cf. leath-bhreac an lae indiu bhí ann ‘it was a day just like today’ ( Ó Méith – DIN.)
[10] leigint : ligin
[11] córthaidh = ‘coffin’ [cf. LASID vol., p. 65, pt. 711]
[12] Seo sampla den tuiseal tabharthach ach bheinn in amhras dá mbíodh sé in úsáid i nGaeilge Ó Méith sa tréimhse sin.
[13] leig : lig
[14] gá : cá, ‘gá’ an foirm a úsáideadh in ait ‘cé’ i nGaeilge Ó Méith chomh maith.
[15] Is fiú a lua gur fuaimníodh caitheamh mar ‘cathamh’ i nGaeilge Ó Méith, mar a dhéantar i nGaeilge Chonamara inniu.
[16] guailne : guaillí
[17] dadamh : tada
[18] Is aisteach liom an foirm seo, ‘smaoinigh’ a dúradh se gnáth in Ó Méith [cf. LASID vol. IV, p. 296].
[19] sarar : sular                                                                                             
[20] ‘b’fhéadfaí’ a dúradh in ait ‘b’fhéidir’ in Ó Méith.
[21] ‘i bhfus’ (< i bhfoghas < i bhfogas), ba choitianta an fuaimniú úd in Ó Méith.
[22] Is giorrúchán é Dromlach de Droim Mullaigh, baile fearainn in Ó Méith.
DINEEN, Rev P. S., Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Irish Texts Society, Dublin, Cork 1904, new ed. 1927, repr. 1970)

McKENNA, M., The Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced studies, Dublin 2001)

Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977)

Ó DUBHDA, P., ‘Gaelic Place-names in Omeath’, Co. Louth Archaeological Journal 3 (1912-15) l. 232-236.
Ó DUIBHÍN, C. ‘Ainmneacha pearsanta in Ultaibh’, http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/ainmneacha_ultacha.htm
(LASID) - WAGNER, H. & Ó BAOILL, C. , Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects IV (Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin 1969)


Main areas from which the collection draws material


View Gaeltacht Oirialla in a larger map