Is leagan
atheagraithe é seo de scéal sí a foilsíodh den chéad uair ar an tUltach i 1924
(An tUltach 1.6, lch 7).
Ba é ‘Sean-Mhicheal’
Mhac Ardail, Dromlach Ó Méith a d’ársaigh an scéal agus breacadh
síos é ag an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh (Muireadhach Meith).
Díreach mar a
rinneadh leis na scéalta go léir sa tsraith beag seo, tá an scéal athscríofa sa
litriú nua de réir mar is féidir ach scríofa i litriú na canúna nó sa litriú
clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna Ghaeilge Ó Méith. Tá nótaí
gairide scríofa ar fhoclóir an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar
FGB (Ó DÓNAILL) ach ní dhéanfar athphlé ar na focail nó ar na gnéithe eile a phléadh
cheánna ar an tUltach sa tsraith seo.
An Bheirt Dhréar
Bhí
beirt dhréar [1] ann, a’n uair
amháin bhí dhréar aca bocht agus dréar aca saibhir. An fear a bhí bocht, bhí
lán toighe de pháistí aige, ach cha rabh a’n pháiste ar bith ag an dréar a bhí
saibhir. An dréar a bhí bocht, bhí sé i gcónaí ag gearán agus i gcónaí ag
grumblán [2] leis an dréar a bhí saibhir. B’fhéadfaí go rabh ábhar aige, ach
cha rabh an dréar saibhir ag tabhairt airde air nó ag éisteacht leis. Cha rabh
’fhios ag an dréar bocht goidé mar thógfadh sé na páistí nó goidé a dhéanfadh
sé leofa.
An Fear Déirce
Oíche
amháin, tháinig fear déirce chuige an doras, agus fuair sé lóistín go lá [3].
‘Tá
ocras ar na páistí bochta,’ arsa ’n fear déirce leis an dréar bocht.
‘Chan
fheil neart agam air,’ arsa ’n dréar bocht, ‘chan fheil greim bídh astoigh.’
‘Tabhair
leat an málA sin, aguc cuideochaidh
[4] miseleat,’ arsa ’n fear déirce.
Chuir
an dréar bocht a mhála trasna a ghualann agus fuaidh an bheirt amach ar an iúl.
Shiúil siad píosa maith agus píosa fada ach chan fhuair si`d a’n dadadh a
chuirfeadh siad isteach sa mhála.
‘Gá
leis an pháirc ’na bhfeil na caoirigh?’ arsa ’n fear déirce.
‘Is
le mo dhréar í,’ arsa ’n dréar bocht.
‘Gheobhaidh
mé greim ar chionn de na caoirigh agus muirfidh
[5] mé í. B’fhearr go mbeadh rud éintean
[6] abhaile linn.’
Ghabh
siad caora maith reamhar [7] agus
bhain siad an croiceann [8] di.
Bhruith siad leis chaoireola [9]
agus thug siad pota maith feola dos
[10] na páistí. Bhí meán-lae [11]
deas aca an oíche úd!
Maidin
lá arna mhárach, tháinic an dréar saibhir anall chuige toigh an dréir bhoicht.
‘Cailleadh
caora de mo chuid, oíche aréir,’ arsa seisean.
‘Goidé
bhain di?’
‘Chan
fheil ’fhios agam, ach tá siad cionn
gearr [12].’
‘Rachaidh
mise leat dá cuartú.’
Shiúil
siad píosa maith agus píosa fada, agus bhí an dréar a bhí bocht i gcónaí ag
gearán agus i gcónaí ag grumblán leis an dréar a bhí saibhir. B’fhéadfaí go
rabh ábhar aige, ach cha rabh an dréar saibhir ag tabhairt airde air. Nuair a
tháinic an coinfheascar [13] aríst:
‘Tá
sé chomh maith againn dul ’na bhaile’ arsa ’n dréar bocht.
Bhruith
an fear bocht leis chaoireola eile an oíche úd, agus bhí meán-lae maith sna
páistí aríst.
Bás a Mháthara
Bhí
a mháthair ina cónaí sa toigh céanna, ag tabhairt aire dos na páistí, agus bhí
sise i gcónaí ag caint agus i gcónaí ag grumblán. B’fhéadfaí go rabh ábhar aici
ach fuair sé greim uirthi thlig sé amach ar an doras í. Cha leigfeadh an dréar
saibhir isteach í ach an oir’d [14].
‘Trua
an chléibh,’ arsa sise, ‘nach rabh triúr mac agam. Dá mbeadh, b’fhéadfaí go
dtabharfadh duine aca isteach mé.’
Bhí
an fear bocht ag éisteacht léithe, agus fuaidh sé amach agus thug sé isteach í.
D’éag sí an oíche úd agus h-iolcadh
[15] ’rith na seachtaine í. An dréar a bhí bocht agus an dréar a bhí saibhir, rinn siad an t-iarratas [16]. Shiúil
siad poca maith agus píosa fada i ndéidh
an torraidh [17].An dréab a bhí bochp, bhí
sé i gcónaí agcaint agus i gcónaí ag gearán leiq an dréar a bhí sai"hir,
ach cha rabh an dréar saibhir ag tabhairt airde air nó ag éiisteacht leis.
An
oíche céanna, tháinic an fear déirce agus thóg sé an corp aríst, agus d’fhág sé
’na sheasamh aige [18] doras an
dréir a bhí saibhir é. ChuiR sé dhá bhata faoin tseanmhnaoi. Cuireadh scéal
isteach chuige an dréar saibhir go rabh a
mháthair ag an doras. Léim sé amach ar `n fhuinneoig `gus tháinic Anuas an áití
a rabh an dréar bocht.
‘Tháinic
mo mháthair ar ais aríst.’
‘An
dtáinic?’ arsa ’n dréar bocht.’
‘Tháinic,
agus chan fheil ’fhios agam goidé ’dheanFar mé.’
‘Árso’ ’ [19] mé sin duit. Cuir an treas
chuid de do chuid saibhreas faoina chonn
[20] sa cónra [21], agus an treas
chuid eile faoina cosaibh.’
An
dréar a bhí saibhir, fuaidh cé ’na bhaile agus chuir sé dhá mhála óir isteach sa
cónra. D'imigh an fear déirce agus d’fhoscail sé an cónra agus thug sé an dá
mhála abhaile leis.
Bhí
saol maith agus saol fada ag an dréar bocht ’na dhéidh sin. D’éirigh na páistí
suas agus fuaidh siad ag obair agus a thuilleadh dófa fhéin. Bhí airgead agus
ór agus gach uile rud ar an tsaol a bhí uafa
[22] aca; agus an dréar a bhí bocht, bhí sé i bhfad nas saibhre ná an dréar
eile sarar [23] éag sé.
Nótaí
[1]
dréar (<deapbhráthair) : dearthair
[2]
grumblán = ‘fruebling’
[3] i. ‘fuair sé loistín lae.’
[4]
cuideochaidh : cuideoidh
[5]
muirfidh : maróidh
[6]
éintean : éigin
[7]
reamhar : ramhar
[8] croiceann : craiceann
[8] croiceann : craiceann
[9]
leis chaoireola, ‘!Leg of mutton’ LÓM).
[10
doc : do, ba nós coitianta é ‘s’ a chuir leis an réamhfhocal ‘do’ roimh
‘na’ i nGaeilge Ó Méith, díreach mar a
dhéantar i nGaeilge Chorca Dhuibhne inniu.
[11]
meán-lae = ‘lón’, ach is léir gur béile atá i gceist sa cás seo.
[12]
tá siad cionn gearr = tá cionn amháin in éagmais, Béarlachas atá i gceist,
aistriúchán ar ‘they `re one short’.
[13]
Is ionann coinfheascar agus tráthnóna agus cé go raibh an dís acu le fáil i
nGaeilge Ó Méith, bhí coinfheascar níos choitianta.
[14]
oir’d : oiread
[15]
h-iolcadh : adhlacadh
[16]
rinn siad an t-iarratas, ‘they collected
the offerings’ (LÓM).
[17]
torraidh : torraimh
[18]
aige : ag
[19]
árso’ : ársóidh
[20]
cionn : ceann
[21]
Bhí ‘cófra’ le fáil sa bunleagan ach is é mo thuairim gurbh bhotún é mar gheall
ar an dóigh a dúradh cónra in Ó Méith, shílfeá gur cheart go scríobhfaí é mar
‘có’raí’ nó mar sin.
[22]
uafa : uathu
[23]
sarar : sular
Leabharliosta
DINEEN, Rev P. S., Foclóir
Gaedhilge agus Béarla (Irish Texts Society, Dublin, Cork 1904, new ed.
1927, repr. 1970)
McKENNA, M., The Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced
studies, Dublin 2001)
[MUIREADHACH MÉITH] ‘Fear an Airgead-Thoite agus an Diabhal’,
An tUltach 4.7 (1927) p. 6.
Ó BAOILL, C., Contributions
to a comparative study of Ulster Irish and Scottish Gaelic (Studies in
Irish Language and Literature IV, Department of Celtic, Queen’s University,
Belfast 1978)
Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair,
Baile Átha Cliath 1977)
Ó DUIBHÍN, C., CAINNTEOIRÍ DÚTHCHAIS AGUS FOINSÍ BÉALOIDIS
GAEDHILGE AS OIRTHEAR ULADH, (2006).
WAGNER, H. & Ó BAOILL, C. , Linguistic Atlas and Survey of Irish
Dialects IV (Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin 1969) pp. 4-13.
No comments:
Post a Comment