[Foilsíodh seo cheana ar an tUltach]
Is leagan úr é seo de scéal a foilsíodh den
chéad uair aran tUltach i 1931 (An tUltach 889). Ba é an tAthair Lorcán Ó
Muireadhaigh a bhreac síos. Scríobh sé gur chuala sé é ag an tseanchaí, Bríghid
Ní Cassalaigh, arbh as Droim Mullaigh, Ó Méith í.
Rugadh Bríghid Ní Carsalaigh (a litríodh mar
Ní Chaslaigh fosta) nó Brigid Casserly i
1860 agus fuair sí bás i 1937. Tugadh Bríd na gCeoltaí mar leas-ainm uirthi
chomh maith (Duibhán).
Thaifeadadh guth Bhríd i 1931 mar chuid de
scéim Wilhelm Doegen chun canúintí na Gaeilge a chaomhnú (Feach: Ní UALLACHÁIN,
L. 386-387 agus WAGNER, H. & Ó BAOILL, C, L.
297-300).
Tá an scéal
athscríofa sa litriú nua de réir mar is féidir ach scríofa i litriú na canúna
nó sa litriú clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna Ghaeilge Ó
Méith mar atá mínithe sa leabhar The
Spiritual Rose le Malachy McKenna (McKENNA, 2001, lch. xxviii – xlviii). Tá nótaí gairide
scríofa ar fhoclóir an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar FGB (Ó
DÓNAILL) de réIr n` n-uiihreach a thugtar dóibh fríd an scéil. Ní dhéantar
athphlé áfach ar na focail nó ar na gnéithe eile a phléadh Cheánna ar an tUltach
(11 & 12, 2006).
An Bhean Thostach
Nuair a bhí athair mo ghaid mhóir [1] 'na bhuachaill, bhí sé ina shuí, oíche shamhna
amháin, amuigh ar an bhalla, agus chuala sé na daonnaí [2] beaga a rá [3]:
‘Siúd é mo ghearránsa [4] ! Seo é mo
ghearránsa!’
‘B'fheadaí’ arsa Brian, ‘dá Rachainnse suas,
go bhfaighinnse féin an gearrán.’
D’imigh sé amach siar 'na' chnoic, ach chan
fhacaidh [5] sé a’n dadaidh ach boltannaí buidheacha [6]. Ag teacht 'na bhaile
dó aríst, chonaic sé cailín deas 'na seasamh ar an taobh eile den chlaí.
‘Goidé tá tú ag déanamh anseo?’ arsa seisean
nuair a tháinic sé 'fhad léithe [7]. Char labhair sí aon fhocal leis. Thug sé
abhaile leis í agus rinn a mháthair suipéir réidh dí, ach cha rabh a'n fhocal cainte
aca [8] agus bhí sí ag obair ansin. Thiocfadh léithe gach uile seort [9] oibre
a dhéanamh – sníomh agus casadh agus fíodóireacht [10] agus dathú agus gach
uile rud.
D’fhan sí ansin nó go dtáinic oíche shamhna eile. Chuaigh an buachaill amach
aríst agus luigh sé síos san áitidh 'na [11] bhfuair sé an cailín bliain ón
tráth sin.
‘Bliain ón oíche seo thug Brian Mhac Eachmharcaigh
an cailín deas abhaile leis’ arsa a'n duine aca.
‘Goidé 'n mhaith atá inti – cha dtigidh léithe
a'n fhocal a labhairt,’ arsa 'n duine eile.
‘Dá mbeadh 'fhios aige, tá leigheas faoin doras
aige.’
‘Goidé 'n leigheas?’ arsa 'n duine eile.
‘Dá gcuirfeadh se feag ar bhun a teanga,
bheadh caint go leor aici.’
Chuaigh an buachaill 'na bhaile, agus shaoil
sé nach mbeadh sé 'na lá go deo [12] aríst. D’fhan sé 'na shuí i rith na hoíche
nó go dtáinic an mhaidin. Chuaigh sé amach agus tharrain' [13] sé an feag, agus
chuir sé ar a teangaidh [14] é; agus bhí a sáith cainte aici 'na dhéidh [15] sin.
Pósadh an bheirt, agus sin é mo scéal.
[1] gaid mór = seanathair.
[2] daonnaí = daoine.
[3] ‘ráidhtigh’ a bhí ann sa bunleagan ach ba
é ‘rá’ an foirm a bhí sa LASID (Wagner, 1969, p. 65 [206]).
[4] Úsáideadh an fhocal ‘gearrán’ in áit ‘capall’
in Ó Méith (Din.).
[5] chan fhacaidh = ní fhaca.
[6] ‘boltannaí buidheacha’, is léir gur
buachaláin buí (ragwort) atá i gceist
anseo cé gur aisteach an foirm é.
[7] léithe = léi.
[8] Bhí idir ‘acu’ agus ‘aca’ le cloisteáil in
Ó Méith.
[9] ‘sórt’ a bhí ann sa buntéacs ach ‘seort’ (sort) a dúradh i gcónaí in Ó Méith.
[10] ‘fíodóireacht’ atá scríofa anseo ach bhí
fuaimniú an fhocail seo níos cosúla le ‘fíodaireacht’ in Ó Méith.
[11] 'na = ina.
[12] ‘go deóigh’ a bhí ann sa buntéacs féin
ach níor shileadh go raibh go raibh gá leis an litriú.
[13] tharrain’ = tharraing.
[14] teangaidh = teanga.
[15] 'na dhéidh = ina dhiaidh.
Leabharliosta
DINEEN, Rev P. S., Foclóir
Gaedhilge agus Béarla (Irish Texts Society, Dublin, Cork 1904, new ed.
1927, repr. 1970)
McKENNA, M., The
Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced studies, Dublin 2001)
Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir
Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977)
Ó DUIBHÍN, C., CAINNTEOIRÍ DÚTHCHAIS AGUS FOINSÍ BÉALOIDIS
GAEDHILGE AS OIRTHEAR ULADH, (2006),
McKENNA, M., The Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced
studies, Dublin 2001)
WAGNER, H. & Ó BAOILL, C. , Linguistic Atlas and Survey of Irish
Dialects IV (Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin 1969)
No comments:
Post a Comment