[Foilsíodh seo cheana ar an tUltach]
Is é seo leagan
atheagraithe de scéal a foilsíodh i leathanaigh an tUltach siar i 1931 (An
tUltach 8, ui. 9, (1931) l. 3). Ba é an
tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh, nó Muireadhach Méith mar a thug sé air féin a
bhreac síos é as béal Áine Ní Lorcáin, Lios Liath, Ó Méith, Co. Lú.
Dar leis an eolas
atá ar fáil ar shárshuíomh idirlín an Dr. Chiaráin Uí Dhuibhín, fuair Áine Ní
Lorcáin bás thart ar 1922 i dToigh na mBocht, Dún Dealgáin.
Níor atheagraigh mé
an scéal de réir an Chaighdeáin Oifigiúil, níor chóir go mbeadh caighdeán ar
bith in úsáid chun litríocht bhéil a scríobh síos i dteanga ar bith. Mar sin
de, tá an scéilín scríofa sa litriú nua nuair is féidir ach scríofa i litriú na
canúna nó sa litriú clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna
Ghaeilge Ó Méith mar atá mínithe sa leabhar The
Spiritual Rose le Malachy McKenna (McKenna, 2001, lgh. xxviii – xlviii).
Tá nótaí gairide scríofa
ar fhoclóir an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar Fhoclóir Gaeilge
- Béarla Néill Uí Dhónaill de réir na n-uimhreach a thugtar dóibh fríd an scéil.
An Luachramán (1)
Bhí gréasaí bróg ’na
chónaí ar thaobh Bharr an Fheadáin (2) in am amháin, ’arbh ainm dó Seán A’
Deacair (3). Cha (4) rabh teacht-i-dtír (5) maith aige, ar an ábhar gurbh fhearr leis
ariamh sleánna a chur ar an toigh (6) leanna ná tuíodóireacht a dhéanamh ar a shean toigh fhéin (7). D’óladh
sé a dtuilleadh sé, ’s tuilleadh ’a (8) bhfaigheadh
sé é.
Oíche Shamhna
amháin, agus é ina shuí, mar ba ghnách leis, i dtoigh leanna Rácáin (9) thíos i gCorr na Muclach (10), dúradh leis go
mbeadh sé saibhir ach greim a fháil ar luachramán an oíche úd. Fuaidh (11) sé amach agus luigh sé i bhfolach amuigh
sa pháirc. Charbh fhada ann é nuair a chuala sé torainn, cosail (12) le casúr ’a bhualadh ar bhróig.
‘Sin é anois é,’
arsa seisean leis fhéin; agus, ceart go leor, nuair a fuaidh sé síos giota beag
chonaic sé an fear beag ina shuí ar fhás-a’n-óiche (13). Dhruid sé leis go haireach agus fuair
sé greim choise air an luachramán.
‘Cha leigim (14) ar shiúil thú,’ arsa Seán, ‘nó go
dtaiseanfaidh (15) tú an áitidh (16) domh a bhfaigh’ (17) mé an crocán óir.’
‘Dheanfaidh (18) mé
sin, is fáilte,’ arsa ’n luachramán. ‘An bhfeic’ tú (19) an chloch mhór atá
thall sa pháirc adaí (20)? Tá an crocán
óir i bhfolach faoin chloich.
Leig Seán an
luachramán ar shiúil, agus cha dteachaidh sé (21) fhéin fá (22) scíste (23) an
oíche úd. Maidin lá arna mhárach fuair sé spád agus piocáilte (24) agus bhain
sé síos san talamh fán chloich mhóir. Tuairim is ar naoi dtroithe thíos,
tháinic (25) sé ar bhocsa (26) bheag. Thóg sé aníos é, agus bhain sé an
clár den bhocsa. Bhí casúr agus meanaí (27) astoigh (28) ann, agus litir a rabh an nóta seo
scríofa uirthi:
‘Obair thusa go
cruaidh (29) leis an chasúr agus leis an mheanaí seo agus sula bhfaigh’ tú bás,
gheobhaidh tú an crocán óir agus beidh tú saibhir.’
Nótaí ar an theasc.
(1.) Ba é an focal luachramán (m.) an focal a bhí in Ó
Méith in áit leipreacháin.
(2.) Is baile fearainn é Barr an Fheadáin i nDeisceart
Ard Mhacha, Flagstaff atá air i
mBéarla.
(3.) Is giorrúchán é ‘A’ Deacair’ ar ‘Mac Giolla
Deacair’ atá galldaithe mar anois mar Hardy.
Bhí an leagan ‘Mac Con Deacair’ le fáil in Ó Méith fosta (Feach : An tUltach
46, ui. 6, l. 7).
(4) ‘Cha’ a bhí ann i gcónaí mar mhír dhiúltach in Ó
Méith agus is beag má bhí ‘ní’ ar fáil ar chor ar bith, fiú san fhocal ‘níl’ ba
chosúla gurb ghiorrúchán ar ‘chan fheil’ (i. ’n’eil) seachas giorrúchán ar ‘ní
fhuil’ a bhíodh i gceist.
(5) Is ionann an nath cainte ‘teacht-i-dtír’ agus slí
bheatha, de ghnáth dúradh ‘dóigh teacht i dtír’ afách.
(6) Ba é ‘toigh’ an gnáthfhocal ar theach i nGaeilge
Oirthear Uladh i gcoitinne, is ionann é agus an tuiseal tabharthach a ghlac áit
an ainmnigh.
(7) Cosúil le Gaeilge Uladh i gcoitinne bhí an focal
‘féin’ séimhithe mar ‘fhéin’ i dtólamh i nGaeilge Ó Méith.
(8) ’a = dá.
(9) Is mion-logainm é seo. Is ionann Droichead a’
Rácáin agus Quann’s Bridge, Corr na
Muclach (Ó Dubhda, l. 233)
(10) Is baile fearainn in Ó Méith é Corr na Muclach,
litrítear é mar Cornamucklagh i
mBéarla.
(11) Fuaidh = chuaigh, dúradh ‘fua’ in áit ‘chuaigh’
in Ó Méith de ghnáth.
(12) ‘cosail’ an fhuaim a bhí ar ‘cosamhail’ atá litrithe
anois mar ‘cosúil’ (FGB), ar ndóigh is é ‘cosail’ an leagan atá ar fáil i nGaeilge
na hAlban (Dwelly, 1994), (Grannd, 2000).
(13) Fás-a’n-oíche (<fás-aon-oíche) = muisiriún.
(14) Cha leigim = Ní ligim AGUS Ní ligfidh mé i nGaeilge
Oirthear Uladh i gcoitinne (Feach : Stockman, 1996, l. 91).
(15) taiseanfaidh = taispeanfaidh
(16) áitidh = áit
(17) a bhfaigh’ mé = a bhfaighidh mé
(18) Dheanfaidh = Déanfaidh
(19) An bhfeic’ tú? = an bhfeiceann tú?
(20) adaí = úd
(21) Cha dteachaidh sé = ní dheachaigh sé.
(22) Ciallaíonn ‘fá’ ‘fá choinne’ sa cás seo.
(23) Scíste = scíth
(24) ‘a pick’
(25) tháinic = tháinig
(26) bocsa = bosca
(27) meanaí = meana
(28) astoigh = istigh
(29) cruaidh = crua
Leabharliosta
DWELLY, E., The Illustrated Gaelic-English Dictionary (Gairm
Publications, Glasgow 1994)
GRANND,
S., The Gaelic of Islay, a
comparative study (Aberdeen, 2000)
McKENNA, M., The
Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced studies, Dublin 2001)
Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir
Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977)
Ó DUBHDA, P.,
‘Gaelic Place-names in Omeath’, Co. Louth
Archaeological Journal 3 (1912-15) l. 232-236.
Ó DUIBHÍN, C., CAINNTEOIRÍ DÚTHCHAIS AGUS FOINSÍ BÉALOIDIS
GAEDHILGE AS OIRTHEAR ULADH, (2006),
STOCKMAN, G., Cruinneas Gramadaí agus Corrfhocal
Eile (Lagan Press, Belfast 1996)
No comments:
Post a Comment