[Foilsíodh seo cheanna ar an tUltach]
Is ionann an píosa
seo agus leagan atheagraithe de scéal a bhailigh is a d’fhoilsigh An tAthair
Lorcán Ó Muireadhaigh (faoin a ainm cleite ‘Muireadhach Méith’) ar an tUltach siar
i 1927 (An tUltach 4.7 (1927) lch. 6).
Mhaigh sé ‘[go raibh] an scéal i gcló ... focal ar fhocal mar d’arsuigh [an
scéalaí] é’.
Ba é Éamoinn Uí
Anluain, nó Ned Gréasaí mar a b’fhearr aithne air, as Lios Liath, Ó Méith, Co.
Lú an tseanchaí a d’arsaigh an scéal. De réir cosúlachta, bhí sé beo go fóill i
1925 (Ó DUIBHÍN).
Tá an scéal
athscríofa sa litriú nua nuair is féidir ach scríofa i litriú na canúna nó sa
litriú clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna Ghaeilge Ó Méith
mar atá mínithe sa leabhar The Spiritual
Rose le Malachy McKenna (McKENNA, 2001,
lch. xxviii – xlviii). Tá nótaí gairide scríofa ar fhoclóir an téacs
agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar Fhoclóir Gaeilge - Béarla Néill Uí
Dhónaill de réir na n-uimhreach a thugtar dóibh fríd an scéil. Ní dhéanfar athphlé
áfach ar na focail nó ar na gnéithe eile a phléadh cheánna ar an tUltach
(Samhain, 2006).
Fear an Airgead-Toite agus an
Diabhal
Tuairim ’s ar dhá
chead bliain ó [1] shin bhíodh fear an airgead-toite [2] ag dul thart ins an
tír seo, ag iarraidh airgead a chruinniú as na daoine bochta. Fear crosta
cruaidh [3] a bhí ann nach dtearn [4]
trócaire ariamh ar aoinne, agus a rabh fuath aige gán [5] dhuine air. Char lú [6] ar na daoine an diabhal ná an
fear seo a fheiceáil chucu.
Lá amháin, casadh
an diabhal air agus d’aithnigh [7] siad a chéile.
‘Gá [8] hé againn
is mó dheanfas cnuasacht [9] inniu?’ arsa fear an airgead-toite.
‘Chan fheil [10]
fhios agam,’ arsa ’n diabhal, ‘ach rachaidh muinn [11] ar aghaidh ar a’n [12]
iúl [13] nó [14] go bhfeicfidh muinn’.
An Páiste droch-mhúinte.
Tháinic siad chuige
[15] toigh a rabh páiste ann a bhí i ndiaidh aisfhreagra drochmhúinte a
thabhairt ar a mháthair.
‘Muise, go dtugaidh
an diabhal leis thú,’ arsa ’n mháthair,
ag tabhairt pealltóige
[16] dó.
‘Tá sin agat,’ arsa
fear an airgead–toite leis an diabhal.
‘Chan fheil,’ arsa ’n
diabhal, ‘bhí sin ar bharr a teangtha, ach cha dtáinic sé amach ón a chroí.’
‘Amach ón a chroí.’
Fuaidh siad ar a’n
iúl aríst, agus bhí fear an airgead-toite dócrach [17] crosta an lá sin. Bhéarfadh
[18] sé leis tonnóg [19] nó cearc nó caora nó rud ar bith eile a ghabhadh sé,
mar bhí dúil aige an bhuaidh [20] a thabhairt leis ón diabhal. Bhí deireadh an
lae ag teacht agus tháinic siad chuige toigh a rabh páiste ag an doras
ann.
‘A mháthair,’ arsa ’n
páiste, ‘seo chugainn fear an airgead-toite.’
‘Ó go dtugaidh an
diabhal leis é,’ arsa ’n bean.
‘Muise, tháinic sin
amach óna croí,’ arsa ’n diabhal, ‘agus tá tusa fhéin agam anois. Tá tú faoi mo
chathuithe [21] anois.’
Chuir sé cathú an
diabhail ar fhear an airgead-toite, agus cha dtioc’ leis [22] ’fháil ar siúil
[23]. Tháinic siad chuige toighe eile, agus bhí fear agus bean in éad lena
chéile ann.
Faoi chathú an diabhail.
‘Thigidh leat [24] dul
isteach ansin’ arsa ’n fear an airgead-toite leis an diabhail.
‘Cha dtigidh liom.
Tá loch uisce ansin. Gheobhainn isteach, ach má tá, b’fheadfaí [25] nach bhfaighinn
amach.’ Bhí sé ag smaoineamh ar an bhuidéal uisce choisreachta [26] a bhí ann.
Fuaidh siad ar a’n
iúl ó thoigh go toigh, agus tháinic siad chuige toigh eile agus bhí fear agus
bean ag éad lena chéile san toigh fosta agus bhí cuma docrach crosta orthu.
‘Thigidh leat
’fháil isteach anseo,’ arsa fear an airgead-toite. Smaoinigh an diabhal ar an
tslait pailme a bhí crochta ar an bhalla.
‘Cha dtigidh liom.
Tá coillidh [27] mhór ansin. Gheobhainn isteach, ach má tá, b’fheadfaí nach
bhfaighinn amach a choíche.’
‘Mo mhuintir fhéin’
Fuaidh siad ar
shiúil aríst [28] go dtáinic siad chuige ’n áit a rabh cead ag an diabhal dul
isteach ann. Bhí pistreogacha [29] agus deistreachta [30] agus geasracha [31] agus
orthaí agus gán seort [32] níos measa na a chéile ann.
‘Gheobhaidh tú
isteach anseo,’ arsa ’n diabhal. ‘Mo mhuintir fhéin atá ’na chónaí san toigh
seo. Ach tá tusa faoi mo chathuithe agus caithfidh tú fanacht anseo.’
Agus cheangail sé
ansin é – thug sé sé choispeán [33] síos
agus aníos dó cha dtioc’ leis dul níos faide.
Fuaidh an diabhal
isteach agus d’fhán sé astoigh [34] ag a mhuintir fhéin, agus bhí fear an
airgead-toite amuigh ar an bhóthar ar feadh na hoíche uilig.
An Bhean Chráifeach.
‘Maidin lá ar na
mhárach, gá hé ’tháinic thart ach bean a bhí ag teacht bhaile ón [35] aifhrinn
[36]. Cha rabh an aifhrinn go ró–choiteannta [37] [38] san am sin agus b’éigean do na
daoine dul ann faoi scáth na hoíche. Choistrigh [39] an sagart tobán uisce,
agus thug an bhean seo buidéal den uisce choistreachta abhaile léithe ’na
brollach.
‘Lá maith,’ a deir
sí le fear an airgead-toite.
‘Tá sé cosail [40],’
arsa fear an airgead-toite.
‘Goidé [41] tá tú
a’ deanamh anseo?’ arsa sise.
‘Tá mé faoi chathú
an diabhail,’ arsa ’n fear, ‘agus cha dtigidh liom corrú [42] as seo.’
‘Faoi chathú an
diabhail! Gá bhfeil sé?’
‘Tá sé astoigh
ansin.’
‘Fán – téigh ar do ghlúnaibh
[43].’
‘Cha dtigidh liom –
nár dhúirt mé leat go bhfeil [44] mé faoi chathú an diabhail.’
Tharraing sí an buidéal
amach agus chuir sí cáil mhaith den uisce choistreachta air. D’imigh sé leis,
agus a’n lá sin go dtí an lá seo char chruinnigh sé leithphinn [45] den
airgead-toite.
‘Tháinic an diabhal
amach, agus nuair a chonaic sé fear an airgead-toite ar siúil fosta leig sé
scread ar a chluinfeá thall sa Phuint [46]. Ach b’éigean dó fhéin a dhul ar
siúil fosta – cha dtioc’ leis dul a chomhair na háite a rabh an t-uisce coistreachta ann.
Tháinic muintir a’
toighe amach fosta – na daoine seo a bhí a’ teanamh [47] orthaí agus
pistreogacha, ach nuair a chualaidh siad goidé bhain don diabhail, stad siad
den drochobair agus thosaigh siad ag gabháil [48] ’nan aifhrinn. Agus ón lá sin
go dtí an lá inniu cha dtioc’ leis an diabhal teacht tar n-ais [49] a’ chomhair
na háite sin.
[1] ‘a’ a bhí
scríofa sa buntéacs, rud a léiríonn fuaimniú na canúna ach atá mearbhlach mar
fhoirm scríofa.
[2] ‘fear an
airgead toite’ = ‘Hearth money cess
collector’ (MM).
[3] cruaidh = crua.
[4] nach dtearn =
nach ndearna.
[5] gán (<ga’ a’n) = gach aon.
[6] char lú ar na
daoine = níor mhian leis na daoine.
[7] d’aithnigh =
d’aithin.
[8] gá (<cá) =
cé.
[9] cnuasacht =
cnuasach.
[10] chan fheil =
níl. Ba é ‘feil’ an foirm spleách den bhriathar ‘tá’ in Ó Méith (Ó Baoill, lch.
93).
[11] muinn
(<muid + sinne? / muidne?) = muid. ‘Muinn’ a dúradh i gcónaí in Ó Méith agus
i ndeisceart Ard Mhacha ach dúradh ‘muid’ i bhFearnmhaigh, Co. Muineacháin.
[12] a’n (<aon),
sin mar a fuaimníodh i gcónaí in Ó Méith.
[13] ar a’n iúl =
in éineacht le chéile.
[14] nó = ná. I
bhfírinne, foghraíodh ‘ná’ níos cosúla le ‘nu’ i nGaeilge Ó Méith, (WAGNER, H.
& Ó BAOILL, C., p. 65.).
[15] chuige =
chuig, baineadh úsáid as an triú pearsa den réamhfhocal in áit an chéid phearsa
de ghnáth i nGaeilge Oirialla.
[16] pealltóg = ‘course cloth (?)’.
[17] doc(h)rach =
‘very’ (DINEEN). Baineadh úsáid as an fhocal docrach / dochrach in Ó Méith in
áit ‘iontach’ nuair a bhítear ag cur rud diúltach in iúl, mar shampla ‘dochrach
bocht’, ‘dochrach tinn’ agus mar sin de.
[18] bhéarfaidh mé
= tabharfaidh mé.
[19] B’ionann
tonnóg agus lacha in Ó Méith.
[20] buaidh = bua
[21] cathú = ‘curse’
[22] Cha dtioc’
leis = ní thiocfadh leis.
[23] Cé go raibh an
nath cainte ‘ar shiúil’ le cloisteáil in Ó Méith, ba choiteann ‘ar siúil’ fosta
(WAGNER, H. & Ó BAOILL, C., p. 65.).
[24] thigidh leat =
thig leat.
[25] b’fheadaí =
b’fhéidir.
[26] uisce coisreachta
= uisce coisricthe.
[27] coillidh =
coill.
[28] aríst = arís.
[29] pistreogacha =
piseoga.
[30] deistreachta,
is léir gur piseog de chineál éigin atá i gceist.
[31] geasrach =
geasróg.
[32] seort = sórt.
[33] coispeán =
coiscéim.
[34] astoigh =
istigh.
[35] “a’n” a bhí
scríofa sa buntéacs.
[36] aifhrinn =
aifreann, bhí an ‘f’ séimhithe i gcónaí in Ó Méith, litríonn Dineen é mar
‘aifhreann’.
[37] ‘very’ is ciall dó ‘ró-’ sa cás seo.
[38] coiteannta =
coitianta.
[39] coistrigh =
coiscric.
[40] cosail =
cosúil, ciallaíonn ‘tá sé cosail’ ‘tá sé go measartha’. Más aisteach an úsáid é
seo ba choitianta é ar fud fad Oirialla.
[41] goidé = cad é.
[42] corrú = corraí
[43] Seo sampla den tuiseal tabharthach agus
cé go maitear gur breacadh síos as scéal seo ‘focal ar fhocal’ mar a inseodh é,
bheinn in amhras dá ndeirtí a leithead san aimsir sin in Ó Méith.
[44] bhfeil =
bhfuil.
[45] leithphinn =
leathphingin.
[46] An Phuint = An
Pointe / Warrenpoint.
[47] teanamh =
déanamh.
[48] Fuaimníodh
‘gabháil / dul’ mar ‘goil’ in Ó Méith.
[49] tar n-ais = ar
ais.
Leabharliosta
DINEEN, Rev P. S., Foclóir
Gaedhilge agus Béarla (Irish Texts Society, Dublin, Cork 1904, new ed.
1927, repr. 1970)
McKENNA, M., The Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced
studies, Dublin 2001)
[MUIREADHACH MÉITH] ‘Fear an Airgead-Thoite agus an Diabhal’,
An tUltach 4.7 (1927) p. 6.
Ó BAOILL, C., Contributions
to a comparative study of Ulster Irish and Scottish Gaelic (Studies in
Irish Language and Literature IV, Department of Celtic, Queen’s University,
Belfast 1978)
Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair,
Baile Átha Cliath 1977)
Ó DUIBHÍN, C., CAINNTEOIRÍ DÚTHCHAIS AGUS FOINSÍ BÉALOIDIS
GAEDHILGE AS OIRTHEAR ULADH, (2006).
WAGNER, H. & Ó BAOILL, C. , Linguistic Atlas and Survey of Irish
Dialects IV (Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin 1969) pp. 4-13.
No comments:
Post a Comment