[Foilsíodh seo cheana ar an tUltach]
Is leagan
atheagraithe é seo de scéal sí a foilsíodh den chéad uair ar an tUltach i 1931
(An tUltach 8:9). Breacadh síos é ag an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh. Scríobh
sé gur chuala sé é ag an tseanchaí, Bríghid Ní Cassalaigh, arbh as Droim
Mullaigh, Ó Méith í (Feach : An tUltach
(3, 2007).
Tá an scéal
athscríofa sa litriú nua de réir mar is féidir ach scríofa i litriú na canúna
nó sa litriú clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna Ghaeilge Ó
Méith mar atá mínithe sa leabhar The
Spiritual Rose le Malachy McKenna (McKENNA, 2001, lch. xxviii – xlviii). Tá nótaí gairide
scríofa ar fhoclóir an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar FGB (Ó
DÓNAILL) de réir na n-uimhreach a thugtar dóibh fríd an scéil. Ní dhéanfar
athphlé áfach ar na focail nó ar na gnéithe eile a phléadh cheánna ar an
tUltach (11 & 12, 2006 & 3, 2007).
Aodhaidh [1] Mhac Eachmharcaigh [2] agus an Torramh
Ba
ghnáth le mo ghaid mhór, sin Aodhaidh Mhac Eachmharcaigh as an Tulaigh [3], a
bheith ag cáidearacht [4] thart fríd Chontae an Dúin. Lá amháin, d’imigh sé ar
shiúil go Droichead na Banna le lóda [5] bradáin, ’na [6] ndíol sa mhargadh.
Dhíol sé amach an lóda uilig; agus theacht cromadh dubh na hoíche [7] fuair sé
suipéar, agus fuaidh [<chuaigh] sé amach ar an bhóthar ag déanamh ar an
bhaile aríst.
Oíche
shamhna a bhí ann, oíche dheas gealaigh [8], leithbhric [9] na hoíche seo, agus
leathbhealach eadar Droichead na Banna agus Iúr Cinn Trá, tuairim is dhá
bhuille dhéag san oíche, tháinic sé chuige torramh.
‘Is
fhearr domh an gearrán a tharraingt isteach ar thaobh an bhóthair, agus an
torramh a leigint [10] thart,’ arsa seisean leis fhéin. Rinne sé sin. Tháinic
an torramh ’fhad leis, agus bhí córthaidh [11] mór ar ghuailnibh [12] na
bhfear. Leig [13] siad síos an córthaidh i lár an bhealaigh, i bhfogas don
áitidh a rabh Aodhaidh ’na suí astoigh sa chart.
‘Gá [14]hé thógfas an ofráil?’
arsa fear acu.
‘Gá hé thógfadh í ach Aodhaidh?’
arsa fear eile.
Ba
ghnáth na hataí móra arda a chaitheamh [15] san am. Bhí hata mór ar Aodhaidh,
agus chuaigh fear acu siar agus bhain sé an hata dá chionn. Chuir sé ar bharr
an chórthaidh é, agus thóg sé ofráil nó go rabh an hata líonta de ór agus de
leath-chonóirí de gach uile shórt airgid.
‘Gá hé gheobhas an ofráil?’ arsa
fear acu.
‘Gá hé gheobhadh í ach Aodhaidh?’
arsa ’n fear eile.
D’fhág
siad an hata astoigh san chart, thóg siad an córthaidh ar a nguailne [16] aríst
agus ar shiúil leo.
‘Beidh
mé saibhir anois le linn mo shaoil,’ arsa Aodhaidh. ‘Cha bhíonn feidhm aige mo
bhean a lámha a fhliuchadh as seo amach.’
Nuair
a tháinic an lá, d’amharc sé isteach sa hata, ach cha rabh a’ dadadh [17] ann
ach aoileach gearráin. An duine bocht, char smaoitigh [18] ar seile a chur isteach
san hata sarar [19] amharc sé ann. Bean a rabh ciall aici a d’ársaigh sin dó i
ndéidh theacht ’na bhaile dó. Dá ndéanfadh sé sin bheadh an t-airgead aige. Ach
ab é go dtearn sé dearmad dó sin, b’fhéadfaí [20] go mbeadh caisleán ard agam
fhéin chois trá inniu in ionad ’bheith ag sclábhaíocht i bhfus [21] anseo ar
bharr Dhromlaigh [22].
[1] Is leagan den ainm
pearsanta Aodh é Aodhaidh [cf. Ó DUIBHÍN].
[2] Is é McCafferky
an leagan ghalldaithe den sloinne seo, each ‘horse’ + marcach ‘rider’
is bunús leis. Bhíodh ‘mac’ i gcónaí séimhithe mar ‘mhac’ i sloinntí Oirialla.
[3] Is baile
fearainn é An Tulach, Is é Tulach Ó Méith an t-ainm oifigiúil
air, nó Tullaghomeath i mBéarla, (An tOrdú Logainmneacha (Contae Lú)
2003).
[4] ‘páibhidheacht’ nó
‘mangaireacht’ (MM), ‘cadging’ i. a bheith ag taisteál thart ag díol earraí.
[5] ‘load’
[6] i. lena ndíol
...
[7] cromadh dubh na
hoíche = ‘nightfall’
[8] oíche dheas gealaigh
= ‘a nice moonlit night’
[9] leithbhric :
leathbhreac, leithbhric na hoíche seo = ‘just
like tonight’ [cf. leath-bhreac an lae indiu bhí ann ‘it was a day just like today’ ( Ó Méith – DIN.)
[10] leigint : ligin
[11] córthaidh = ‘coffin’ [cf. LASID vol., p. 65, pt. 711]
[12] Seo sampla den
tuiseal tabharthach ach bheinn in amhras dá mbíodh sé in úsáid i nGaeilge Ó
Méith sa tréimhse sin.
[13] leig : lig
[14] gá : cá, ‘gá’ an
foirm a úsáideadh in ait ‘cé’ i nGaeilge Ó Méith chomh maith.
[15] Is fiú a lua gur
fuaimníodh caitheamh mar ‘cathamh’ i nGaeilge Ó Méith, mar a dhéantar i
nGaeilge Chonamara inniu.
[16] guailne : guaillí
[17] dadamh : tada
[18] Is aisteach liom an
foirm seo, ‘smaoinigh’ a dúradh se gnáth in Ó Méith [cf. LASID vol. IV, p.
296].
[19]
sarar : sular
[20] ‘b’fhéadfaí’ a
dúradh in ait ‘b’fhéidir’ in Ó Méith.
[21] ‘i bhfus’ (< i
bhfoghas < i bhfogas), ba choitianta an fuaimniú úd in Ó Méith.
[22] Is giorrúchán é
Dromlach de Droim Mullaigh, baile fearainn in Ó Méith.
DINEEN, Rev P. S., Foclóir
Gaedhilge agus Béarla (Irish Texts Society, Dublin, Cork 1904, new ed.
1927, repr. 1970)
McKENNA, M., The
Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced studies, Dublin 2001)
Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir
Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977)
Ó DUBHDA, P.,
‘Gaelic Place-names in Omeath’, Co. Louth
Archaeological Journal 3 (1912-15) l. 232-236.
Ó DUIBHÍN, C. ‘Ainmneacha pearsanta in Ultaibh’, http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/ainmneacha_ultacha.htm
(LASID) - WAGNER, H. & Ó BAOILL, C. , Linguistic Atlas and Survey
of Irish Dialects IV (Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin 1969)
No comments:
Post a Comment