Wednesday, October 10, 2012

Scéal as Ó Meith Mara II


[Foilsíodh seo cheana ar an tUltach]

Is é seo leagan atheagraithe de scéal a foilsíodh i leathanaigh an tUltach siar i 1931 (An tUltach 8, ui. 9, (1931) l. 3).  Ba é an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh, nó Muireadhach Méith mar a thug sé air féin a bhreac síos é as béal Áine Ní Lorcáin, Lios Liath, Ó Méith, Co. Lú.

Dar leis an eolas atá ar fáil ar shárshuíomh idirlín an Dr. Chiaráin Uí Dhuibhín, fuair Áine Ní Lorcáin bás thart ar 1922 i dToigh na mBocht, Dún Dealgáin.

Níor atheagraigh mé an scéal de réir an Chaighdeáin Oifigiúil, níor chóir go mbeadh caighdeán ar bith in úsáid chun litríocht bhéil a scríobh síos i dteanga ar bith. Mar sin de, tá an scéilín scríofa sa litriú nua nuair is féidir ach scríofa i litriú na canúna nó sa litriú clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna Ghaeilge Ó Méith mar atá mínithe sa leabhar The Spiritual Rose le Malachy McKenna (McKenna, 2001,  lgh. xxviii – xlviii).

Tá nótaí gairide scríofa ar fhoclóir an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar Fhoclóir Gaeilge - Béarla Néill Uí Dhónaill de réir na n-uimhreach a thugtar  dóibh fríd an scéil.

An Luachramán (1)

Bhí gréasaí bróg ’na chónaí ar thaobh Bharr an Fheadáin (2) in am amháin, ’arbh ainm dó Seán A’ Deacair (3). Cha (4) rabh teacht-i-dtír (5) maith aige, ar an ábhar gurbh fhearr leis ariamh sleánna a chur ar an toigh (6) leanna ná tuíodóireacht  a dhéanamh ar a shean toigh fhéin (7). D’óladh sé a dtuilleadh sé, ’s tuilleadh ’a (8) bhfaigheadh sé é.

Oíche Shamhna amháin, agus é ina shuí, mar ba ghnách leis, i dtoigh leanna Rácáin (9) thíos  i gCorr na Muclach (10), dúradh leis go mbeadh sé saibhir ach greim a fháil ar luachramán an oíche úd. Fuaidh (11) sé amach agus luigh sé i bhfolach amuigh sa pháirc. Charbh fhada ann é nuair a chuala sé torainn, cosail (12) le casúr ’a bhualadh ar bhróig.

‘Sin é anois é,’ arsa seisean leis fhéin; agus, ceart go leor, nuair a fuaidh sé síos giota beag chonaic sé an fear beag ina shuí ar fhás-a’n-óiche (13). Dhruid sé leis go haireach agus fuair sé greim choise air an luachramán.

‘Cha leigim (14) ar shiúil thú,’ arsa Seán, ‘nó go dtaiseanfaidh (15) tú an áitidh (16) domh a bhfaigh’ (17) mé an crocán óir.’

‘Dheanfaidh (18) mé sin, is fáilte,’ arsa ’n luachramán. ‘An bhfeic’ tú (19) an chloch mhór atá thall sa pháirc adaí (20)?  Tá an crocán óir i bhfolach faoin chloich.

Leig Seán an luachramán ar shiúil, agus cha dteachaidh sé (21) fhéin fá (22) scíste (23) an oíche úd. Maidin lá arna mhárach fuair sé spád agus piocáilte (24) agus bhain sé síos san talamh fán chloich mhóir. Tuairim is ar naoi dtroithe thíos, tháinic (25) sé ar bhocsa  (26) bheag. Thóg sé aníos é, agus bhain sé an clár den bhocsa. Bhí casúr agus meanaí (27) astoigh (28) ann, agus litir a rabh an nóta seo scríofa uirthi:

‘Obair thusa go cruaidh (29) leis an chasúr agus leis an mheanaí seo agus sula bhfaigh’ tú bás, gheobhaidh tú an crocán óir agus beidh tú saibhir.’

Nótaí ar an theasc.


(1.) Ba é an focal luachramán (m.) an focal a bhí in Ó Méith in áit leipreacháin.
(2.) Is baile fearainn é Barr an Fheadáin i nDeisceart Ard Mhacha, Flagstaff atá air i mBéarla.
(3.) Is giorrúchán é ‘A’ Deacair’ ar ‘Mac Giolla Deacair’ atá galldaithe mar anois mar Hardy. Bhí an leagan ‘Mac Con Deacair’ le fáil in Ó Méith fosta (Feach : An tUltach 46, ui. 6, l. 7).
(4) ‘Cha’ a bhí ann i gcónaí mar mhír dhiúltach in Ó Méith agus is beag má bhí ‘ní’ ar fáil ar chor ar bith, fiú san fhocal ‘níl’ ba chosúla gurb ghiorrúchán ar ‘chan fheil’ (i. ’n’eil) seachas giorrúchán ar ‘ní fhuil’ a bhíodh i gceist.
(5) Is ionann an nath cainte ‘teacht-i-dtír’ agus slí bheatha, de ghnáth dúradh ‘dóigh teacht i dtír’ afách.
(6) Ba é ‘toigh’ an gnáthfhocal ar theach i nGaeilge Oirthear Uladh i gcoitinne, is ionann é agus an tuiseal tabharthach a ghlac áit an ainmnigh.
(7) Cosúil le Gaeilge Uladh i gcoitinne bhí an focal ‘féin’ séimhithe mar ‘fhéin’ i dtólamh i nGaeilge Ó Méith.
(8) ’a = dá.
(9) Is mion-logainm é seo. Is ionann Droichead a’ Rácáin agus Quann’s Bridge, Corr na Muclach (Ó Dubhda, l. 233)
(10) Is baile fearainn in Ó Méith é Corr na Muclach, litrítear é mar Cornamucklagh i mBéarla.
(11) Fuaidh = chuaigh, dúradh ‘fua’ in áit ‘chuaigh’ in Ó Méith de ghnáth.
(12) ‘cosail’ an fhuaim a bhí ar ‘cosamhail’ atá litrithe anois mar ‘cosúil’ (FGB), ar ndóigh is é ‘cosail’ an leagan atá ar fáil i nGaeilge na hAlban (Dwelly, 1994), (Grannd, 2000).
(13) Fás-a’n-oíche (<fás-aon-oíche) = muisiriún.
(14) Cha leigim = Ní ligim AGUS Ní ligfidh mé i nGaeilge Oirthear Uladh i gcoitinne (Feach : Stockman, 1996, l. 91).
(15) taiseanfaidh = taispeanfaidh
(16) áitidh = áit
(17) a bhfaigh’ mé = a bhfaighidh mé
(18) Dheanfaidh = Déanfaidh
(19) An bhfeic’ tú? = an bhfeiceann tú?
(20) adaí = úd
(21) Cha dteachaidh sé = ní dheachaigh sé.
(22) Ciallaíonn ‘fá’ ‘fá choinne’ sa cás seo.
(23) Scíste = scíth
(24) ‘a pick
(25) tháinic = tháinig
(26) bocsa = bosca
(27) meanaí = meana
(28) astoigh = istigh
(29) cruaidh = crua



Leabharliosta

DWELLY, E., The Illustrated Gaelic-English Dictionary (Gairm Publications, Glasgow 1994)

GRANND, S., The Gaelic of Islay, a comparative study (Aberdeen, 2000)

McKENNA, M., The Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced studies, Dublin 2001)

Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977)

Ó DUBHDA, P., ‘Gaelic Place-names in Omeath’, Co. Louth Archaeological Journal 3 (1912-15) l. 232-236.

Ó DUIBHÍN, C., CAINNTEOIRÍ DÚTHCHAIS AGUS FOINSÍ BÉALOIDIS GAEDHILGE AS OIRTHEAR ULADH, (2006),

STOCKMAN, G., Cruinneas Gramadaí agus Corrfhocal Eile (Lagan Press, Belfast 1996)

No comments:

Post a Comment

Main areas from which the collection draws material


View Gaeltacht Oirialla in a larger map