Wednesday, October 10, 2012

Scéal as Ó Méith, V




Is leagan atheagraithe é seo de scéal a foilsíodh den chéad uair ar an tUltach i 1924 (An tUltach 1.11, lch. 7).

Ba í Áine Ní Lorcáin Lios Liath, Ó Méith, Co. Lú, a fuair bás thart ar 1922 i dToigh na mBocht, Dún Dealgáin (Ó Duibhín) a d’ársaigh an scéal. Scríobhadh síos é ag an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh, nó Muireadhach Méith mar a thugadh sé air féin.

Díreach mar a rinneadh leis na scéalta go léir sa tsraith bheag seo, tá sé athscríofa sa litriú nua de réir mar is féidir ach scríofa i litriú na canúna nó sa litriú clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna Ghaeilge Ó Méith mar atá mínithe sa leabhar The Spiritual Rose le Malachy McKenna (McKENNA, 2001,  lch. xxviii – xlviii). Tá nótaí gairide scríofa ar fhoclóir an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar FGB (Ó DÓNAILL) de réir na n-uimhreach a thugtar dóibh fríd an scéil.

Ní dhéanfar athphlé áfach ar na focail nó ar na gnéithe eile a pléadh cheánna ar an tUltach (11 & 12, 2006 agus 3 & 7, 2007).

An Luchóg agus an Dreoilín
(Scéal ar Lá ’le Stiofáin)

Luchóg agus dreoilín a bhí pósta, uair amháin, agus bhí dóigh-teach-dtír [1] mhaith aca agus bhí siad ag tógáil a gclainne go modhamhail [2] agus bhí cuma na modhamhalachta orthu [3] fosta.

Lá amháin, cha rabh a’n ghreim bídh sa toigh, agus fuaidh [4] an luchóg amach chun biadh [5] ’fháil don chloinn. Bhí fear ag bualadh coirce ins an scioból, agus fuaidh an luchóg siar faoin tsúiste agus baineadh an ruball di. Theantaigh [6] sí ’na bhaile, agus nuair a thug an dreoilín fá dear gur chaill sí a ruball, tháinic corraí [7] mhór air.

‘Gá rabh tú ar feadh an lae seo?’ arsa eisean leis an luchóig, ‘ag dul thart ag rácanaí? [8]’

Thosaigh an bheirt ag troid agus throid siad ar feadh na hoíche úd, agus maidin lá arna mhárach fuaidh siad amach ’na páirce agus thosaigh siad ag troid aríst. Tháinic na héanlaithe beaga agus na héanlaithe móra ag iarraidh socrú a dheanamh eatarthu, ach chlis orthu [9] agus thosaigh na héanlaithe ag troid eatarthu fhéin. Charbh fhada go rabh an pháirc uilig lán d’éanlaithe.

Cé tháinic amach ag amharc orthu ach Mac Rí na hÉireann, agus nuair a thug sé fá dear go rabh an tIolar mór as Sasain ins an pháirc, fuair sé gréapa [10] agus chuir sé isteach i ndroim an Iolair é. D’éirigh an tIolar ins an aer, agus Mac Rí na hÉireann ar a dhroim, agus an gréapa sáite eatarthu; char stad an tIolar gur thuirling sé anuas i bpáirc mhóir faoi thoigh Rí Shasana.

‘Gá hé thusa?’ arsa Rí Shasana le Mac Rí na hÉireann.

‘Mise Mac Rí na hÉireann.’

‘ ’Sé d’athair an rógaire is mó a rabh in Éirinn ariamh [11],’ arsa Rí Shasana, agus thlig [12] sé Mac Rí na hÉireann isteach ’na phríosúin.

Chuir Rí na hÉireann litir anonn chuige [13] Rí Shasana ag ársaí dó a mhac a leigint [14] amach. Dúirt Rí Shasana nach ndeanfadh sé a leithéid. D’éirigh cogadh eatarthu – an cogadh ’a [15] mhó dá rabh in Éirinn nó i Sasain ariamh. Agus nuair a bhí an cogadh thart, cuireadh an dlí ar an luchóig agus ar an dreoilín. Daoradh iad, agus tugadh breithiúnas go gcuirfí pinní [16] i súilibh na luchóige agus go dtarraingeofaí an dreoilín fríd mearagan [17] gán Lá ’le Stiofáin.

Nótaí

[1] i. ‘dóigh mhaireachtála’
[2] Fágadh an litriú mar ‘modhamhail’ de bhrí gur cosúil go ndúradh an fhocal seo mar ‘modhail’ in Ó Méith seachas mar ‘modhúil’ an chaighdeáin.
[3] i. ‘bhí an chuma orthu go raibh siad modhúil’.
[4] i. fuaidh : chuaigh
[5] D’fhuaimnítí an ‘dh’ ag deireadh an fhocail biadh in Ó Méith. Iarsma den fhuaimniú mar a bhíodh sa Nua-Ghaeilge Mhoch atá ann. Maireann an fuaimniú seo san Albain go dtí an lá atá inniu ann.  [Féach McKENNA, Lch. xl]
[6] i. theantaigh : thiontaigh’. Ba mhinic a fuaimníodh an bhraisle ghuta ‘io’ mar a bheadh ‘ea’ nó ‘a’ ann in Ó Méith. [Féach McKENNA, Lch. xxx]
[7] Ba ‘fearg’ an chiall le ‘corraí’ in Ó Méith agus ar fud fad Oirthear Uladh.
[8] rácanaí = ‘rampaging’.
[9] Is ionann ‘chlis orthu’ agus ‘theip orthu’. B’iondúil ‘clis + ar’ in Ó Méith chun teip a chur in iúl. 
[10] gréapa = ‘a grape
[11] ariamh : riamh
[12] tlig : teilg
[13] chuige : chuig
[14] leigint : ligin
[15] ’a : ba
[16] pinní = bioráin
[17] mearagan : méaracán  (?)

DINEEN, Rev P. S., Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Irish Texts Society, Dublin, Cork 1904, new ed. 1927, repr. 1970)

McKENNA, M., The Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced studies, Dublin 2001)

Ó DUIBHÍN, C., CAINNTEOIRÍ DÚTHCHAIS AGUS FOINSÍ BÉALOIDIS GAEDHILGE AS OIRTHEAR ULADH, (2006),

Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977)

 http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/ainmneacha_ultacha.htm


(LASID) - WAGNER, H. & Ó BAOILL, C. , Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects IV (Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin 1969)


No comments:

Post a Comment

Main areas from which the collection draws material


View Gaeltacht Oirialla in a larger map